Lá Fhéile Pádraig - A presentation on St. Patrick's Day through Gaeilge
1.
2. Lá Fhéile Pádraig
Cé hé seo,
do
bharúil?
Cén áit
a mbíonn
daoine á
cheiliúradh?
Conas a
dhéanaimid
ceiliúradh
air?
Cén fáth a
mbímid á
cheiliúradh?
Cén uair a
dhéanaimid
ceiliúradh
air?
3. Cérbh é Naomh Pádraig?
Rugadh Naomh Pádraig timpeall na bliana AD
390.
Creidtear gur rugadh é i gceantar darbh ainm
Bannavem Taburniae sa Bhreatain.
Nuair a bhí Pádraig sé bliana déag d’aois, tháinig
foghlaithe as Éirinn, ghabh siad é agus ghlac siad
ar ais go hÉirinn é.
Coinníodh ansin in Éirinn é mar sclábhaí ar feadh
sé bliana, go dtí gur éirigh leis éalú faoi
dheireadh thiar thall.
Creidtear gur imigh Pádraig chun na hEorpa tar éis sin,
ag fanacht ann ar feadh tamaill sular fhill sé ar a
mhuintir sa Bhreatain.
Éire
An Bhreatain
An Fhrainc
An Spáinn
4. Cérbh é Naomh Pádraig?
Bhí creideamh an-domhain ag Naomh Pádraig agus ghuigh sé go minic
le Dia. Le linn dó a bheith in Éirinn mar sclábhaí, bhí sé cinnte dearfa de
go bhfillfeadh sé ar a mhuintir féin.
Nuair a bhí sé ar ais sa bhaile, chinn sé chun staidéar a dhéanamh le
bheith ina shagart. Tar éis dó críochnú lena chuid staidéar, rinne sé
cinneadh an-aisteach ar fad….
….Shocraigh sé go rachadh sé ar ais go hÉirinn chun soiscéal Dé a
scaipeadh i measc phobal na hÉireann.
5. Cén Fáth a mBímid ag Ceiliúradh Naomh Pádraig?
Shiúil Naomh Pádraig fud fad na
hÉireann ag teagasc do na daoine faoi
Dhia. Bhí neart daoine nár theastaigh
uathu éisteacht leis, ach bhí sé séimh
agus foighneach. Labhair Naomh
Pádraig faoin am a chaith sé mar
sclábhaí agus d’éist sé le muintir na
hÉireann faoina gcuid anró féin.
Cé nach raibh fáilte roimhe i gcónaí,
níor ghéill sé.
D’úsáid Naomh Pádraig seamróg le
teagasc do dhaoine faoi Dhia. Fásann
an tseamróg i neart áiteanna in Éirinn
agus ba bhealach simplí é dó chun
teagasc faoin Tríonóid Naofa.
An tAthair
An Mac
An Spiorad
Naomh
6. Cén Áit a mBíonn Daoine ag Ceiliúradh
Naomh Pádraig?
An Raibh a Fhios Agat?
Bíonn cuid de na himeachtaí ceiliúrtha is mó ar Lá Fhéile Pádraig ar siúl sna Stáit
Aontaithe Mheiriceá. Tá breis agus 34 milliún Meiriceánach le dúchas Éireannach acu.
Is saoire
náisiúnta é Lá
Fhéile Pádraig
in Éirinn ach
déanann daoine
ceiliúradh air
fud fad na
cruinne.
Ceanada
SAM
An Bhreatain
An Astráil
An Nua-Shéalainn
Éire
7. Conas a Dhéantar Ceiliúradh ar Lá Fhéile
Pádraig?
Tugtar an
leasainm ‘An
tOileán Iathghlas’
ar Éirinn de
thairbhe
thírdhreacha glasa
na tíre.
Is é glas dath
na seamróige,
a d’úsáid
Naomh
Pádraig le
teagasc faoin
Tríonóid Naofa.
Bíonn
daoine ag
gléasadh
in éadaí
glasa.
In 2008,
cuireadh dath
glas san uisce sa
scairdeán ag
Trafalgar
Square, Londain
in ómós don
Naomh.
Lastar soilse
glasa ar
fhoirgnimh
chlúiteacha.
In 1962,
cuireadh
dath glas san
abhainn i
gcathair
Chicago,
SAM!
Glas!
8. Conas a Dhéantar Ceiliúradh ar Lá
Fhéile Pádraig?
Bíonn roinnt daoine ag gléasadh mar leipreachán, carachtar as
béaloideas na hÉireann, ar mhaithe leis an gcraic.
Deir cuid de na scéalta go bhfuil pota óir i bhfolach ag an leipreachán ag
deireadh an bhogha bháistí. Má bheireann tú ar an leipreachán,
tabharfaidh sé ann thú lena chuid óir a fháil.
9. Conas a Dhéantar Ceiliúradh ar Lá
Fhéile Pádraig?
Téann teaghlaigh Chríostaí ar
aifreann ar maidin Lá Fhéile
Pádraig, agus bíonn siad ag
leanúint leis an gceiliúradh
tráthnóna.
In amanna, bíonn béile mór
speisialta Gaelach acu,
stobhach nó dinnéar rósta
b’fhéidir.
Photo courtesy of donwest48(@flickr.com) - granted under creative commons licence – attribution
10. Conas a Dhéantar Ceiliúradh ar Lá
Fhéile Pádraig?
Bíonn paráid mhór ar siúl i neart bailte agus cathracha freisin, agus
bíonn neart ceoil agus rince ann ag na mórshiúlta seo.
Féach ar an ngearrthóg seo de rince Gaelach.
11. Cén Uair a Dhéantar Ceiliúradh ar Lá
Fhéile Pádraig?
Ceiliúrtar Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta, sin an dáta a gcreideann
daoine go bhfuair Naomh Pádraig bás.
An féidir leat cuimhneamh ar roinnt siombailí atá nasctha le Lá Fhéile
Pádraig?
físeán
Editor's Notes
Please check the content in this link, including any comments, is suitable for your educational environment before showing. Please do not let the next video automatically play at the end of the clip. Twinkl accepts no responsibility for the content of third party websites.
Please check the content in this link, including any comments, is suitable for your educational environment before showing. Please do not let the next video automatically play at the end of the clip. Twinkl accepts no responsibility for the content of third party websites.